|
Tá sciar mór de leithinis Uíbh Ráthaigh sa Ghaeltacht. Dá bharr seo ghlac Seirbhís Oideachais Chiarraí cinneadh i Lár na nochaidí go mbeadh soláthar oideachais Lán Ghaeilge i gColáiste na Sceilge nuair a bhunofaí an scoil. Bunaíodh Aonad Lán Ghaeilge laistigh den mhathair scoil nuair a oscalaíodh Coláiste na Sceilge i 1999. Chláraigh daréag páistí san Aonad an chéad bhliain ach tá fás leanúnach san Aonad ó shin i leith. Tá 23 san chéad bhliain i mbliana (2003/2004) agus tá 30 tar éis clárú don scoilbhlian 2004/2205. Is léiriú é seo go bhfuil rogha na Gaelscolaíochta ó thuismitheoirí Uíbh Ráthaigh. San Aonad deantar na habhair lárnacha tré mheán na Gaeilge agus deantar an dá ábhar roghnach tré Bhéarla. Sí an Ghaeilge teanga chumarsáideach an ranga. Is tuar dóchais don Ghaeilge go bhfuil síol na Gaelscolaíochta préamhaithe san cheantair anois agus bláthú dá réir ag teacht uirthí. Tá pacáiste cuimsitheach curtha le chéile ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh chun an Ghaelscolaíocht a fhorbairt ón mbonn aníos. Tá an pacáiste seo curtha le chéile le cabhair ó Fhoras na Gaeilge. Act b’é fís Sheirbhís Oideachas Chiarraí le bunú an Aonaid Lán Ghaeilge i gColáiste na Sceilge a leag an bhuncholoch don bhforbairt seo. |